Fichille

Na Píosaí Fichille

  • Ceithearnach - Pawn
  • Ridire - Knight
  • Easpag - Bishop
  • Caiseal - Rook
  • Banríon - Queen
  • - King

An Ceithearnach

Tá ocht gceithearnach ar gach taobh. Ag tosach an chluiche seasann ceithearnaigh an bháin ar an dara céim agus seasann cinn dubha ar an 7ú céim. Tá luach pointe amháin ag an saighdiúir

Mar a bhogann an ceithearnach

  • Is féidir le ceithearnach bogadh díreach ar aghaidh cearnóg amháin nó dhá chearnóg ar an gcéad bhogadh.
  • Ina dhiaidh sin, is féidir leis bogadh cearnóg amháin ag an am.
  • Níl cead ag an gceithearnach cúlú riamh.
  • Ní féidir leis na ceithearnaigh léim thar phíosaí eile ná thar Ceithearnaigh eile. Má tá bac ann, ní féidir le ceithearnach bogadh díreach ar aghaidh go dtí go bhfágann an ceithearnach nó an píosa eile an bealach.

Gabhann an Ceithearnach i slí difriúil ón gcaoi a bhogann sé. Gabhann an ceithearnach go fiar cearnóg amháin ar aghaidh.

Ardú Céime

Nuair a shroicheann ceithearnach an céim dheireanach, is píosa eile é! I bhformhór na suíomh athróidh sé go banríon. Ní féidir é a fhágáil ina ceithearnach agus níl cead é a ardú chun cinn go rí.

An Ridire

Tá dhá Ridire ar gach taobh. Bogann an ridire i gcruth L. - Cearnóg amháin ar an dá thaobh agus ansin dhá chearnóg chun tosaigh nó ar ais. - Nó aon chearnóg chun tosaigh nó ar ais agus ansin dhá chearnóg ar an taobh.

Is féidir leis an ridire léim thar píosaí cairdiúla agus píosaí naimhde gan aon tionchar aige ar na fir a léimeann sé tharstu. Gabhann an ridire aon phíosa naimhde nó ceithearnach.

Naisc

Tags

By year

  1. 2020 (1)
  2. 2019 (5)
  3. 2018 (3)
  4. 2017 (35)
  5. 2016 (16)
  6. 2015 (4)